Bain an sochar is mó as do chuid féidearthachtaí

Faigh Níos Mó Ama / Sábháil Airgead - Laghdú suntasach ar ualach na hoibre riaracháin – Déanann an córas OGMA tascanna riaracháin oifige a thógann go leor ama a uathoibriú (ar fud gach feidhm ár gcliant; áirithintí/earcaíocht/leithdháileadh lóistín/bainistiú cás daltaí/ leithdháiltí seomra ranga/socruithe iompair/ bainistiú maidir le comhlíontacht etc) agus maolaíonn sé ualaí riaracháin. Déanann OGMA na tascanna sin a uathoibriú ar leibhéal aonair agus ar an mórchóir. Déan teagmháil linn le do thoil más maith leat anailís sreafa oibre chostáilte a fheiceáil ina leagtar amach an t-am a shábhálfaidh tú agus na coigiltis airgeadais a dhéanfaidh tú trí aistriú chun OGMA.

Rialúchán Cáilíochta - Is ionann an córas bainistithe OGMA agus córas iontrála sonraí aonphointe a fheabhsaíonn caighdeán d'fhaisnéise. Chomh luath is a bhailítear na sonraí ag an bhfoinse (gníomhaire, múinteoir, tuismitheoir, teaghlach óstach), aistrítear na sonraí go huathoibríoch chuig próisis go léir. Ní gá cóipeáil de láimh. Ní beidh aon earráidí próiseála de láimh i gceist. Déantar na sonraí bunaidh a chuirtear isteach a chomhtháthú leis an gcóras ar fad. Spárálann sé am don fhoireann riaracháin, do chustaiméirí agus d'fhostaithe araon. Laghdaíonn sé freisin earráidí a bhaineann le sonraí a chur isteach faoi dhó nó faoi thrí.

Aistear Digiteach Réidh - Is féidir le custaiméirí, foireann agus le gníomhairí clárú agus foirmeacha iarratais agus foirmeacha ábhartha eile a chomhlánú ar ghaireas (iOS, Fón Cliste, Táibléad, Ríomhaire Glúine, Ríomhaire Deisce). Gheobhaidh siad comhfhreagras go huathoibríoch ag gach céim le linn an phróisis. Fágann sin go mbeidh soiléireacht níos fearr agus nach mbeidh an oiread fiosruithe i gceist.

Bainistiú Píblíne - Déan na custaiméirí agus páirtithe leasmhara (gníomhairí/foireann/teaghlaigh óstacha) ar mhaith leat cumarsáid a dhéanamh leo a scagadh agus a roghnú. Beidh tú ábalta meabhrúcháin a sheoladh chuig custaiméirí maidir le cúrsaí agus ionaid nach bhfuil lán go fóill, ag uasmhéadú acmhainn díolacháin. Is féidir leat freisin fógraíocht a dhéanamh maidir le tairiscintí nua chuig do bhunachar sonraí reatha OGMA de chustaiméirí.

Ardán atá Éasca le hÚsáid - Tá córas OGMA fíoréasca le húsáid. Tá sé leagtha amach ar bhealach atá iomasach. Ní theastaíonn ardscileanna ríomhaireachta chun an córas a úsáid go hinmheánach nó chun an próiseas áirithinte/earcaíochta a úsáid. Beidh custaiméirí agus foireann ábalta córas OGMA a úsáid go héasca.

Anailísíocht Fíor-ama - Bíodh smacht agat ar do ghnólacht ar bhealach atá níos éifeachtaí le sonraí fíor-ama sna Deaiseanna OGMA. Rianaigh agus bainistigh na daltaí, an fhoireann agus gníomhairí, cúrsaí, seomraí ranga agus comhlíontacht i bhfíor-am. Cuireann sonraí fíor-ama ar chumas do ghnólachta cinntí straitéiseacha níos fearr a dhéanamh.

Athdhearbhú Comhlíontachta - Is dúshlán fadálach agus costasach fós í comhlíontacht riaracháin agus cosanta leanaí dár gcliaint. Is cúram leanúnach é atá dian ar úinéirí. Rianaíonn agus stórálann an córas OGMA sonraí daltaí agus foirne ar fad in aon chóras slán amháin. Cuidíonn OGMA lena chinntiú go gcomhlánaítear na foirmeacha cearta ar fad agus go stóráiltear go sábháilte iad agus go gcomhlíontar ceanglais rialála. Tacaíonn an córas leat.

Ardán Ilchampais agus il-láirtheach - Do chuid sonraí ar fad stóráilte in aon áit amháin: Is féidir le hilúsáideoirí iliomad cúrsaí a bhainistiú in ionaid éagsúla ó clabhta lárnach amháin. Is féidir lenár gcliaint a n-eagraíochtaí a rith ó áit ar bith ar domhan.

Tairseach Gníomhaire - Cumasaigh caidrimh níos fearr le do ghníomhaire tríú páirtí agus déan iad fhorbairt trí chead a thabhairt dóibh daltaí a clárú tríd an tairseach gníomhaire lena sonraí logála isteach ar leith féin. Ní bheidh rochtain ag gníomhairí ach ar na daltaí a chláraigh siad féin. Cuireann an tairseach forléargas cuimsitheach ar fáil don ghníomhaire ar a ghnó ar fad leis an gcoláiste (daltaí píblíne, daltaí a bhfuil áit curtha in áirithe acu, stádas sonraisc, nótaí creidmheasa, etc). Cuireann OGMA ar chumas dár gcliaint a shannadh do stádas CRM (deis, gníomhach, neamhthuillmheach, etc) ar an gcaoi sin ag rianú na ngníomhairí a bhfuil ag éirí go maith leo.

Ná caill aon bhuntáiste riamh - Leis an bhfoirm ghearr fiosruithe OGMA beidh tú ábalta na sonraí is bunúsaí a fháil ón gcustaiméir ag an chéad phointe teagmhála, ar do láithreán gréasáin de ghnáth. Cuirfidh na sonraí fíorluachmhara seo ar do chumas comhfhreagras a dhéanamh le hábhair chustaiméirí ar ríomhphost nó ar théacs le go n-éireoidh leat díolachán a dhéanamh den tsuim ghinearálta atá acu. Le tréimhse ama cuirfidh tú le do bhunachar sonraí de dheiseanna a bhfuil an-ghealladh fúthu.

Uathchumarsáid Phearsanta Láithreach - Seoltar fógraí pearsanta a bhfuil branda na cuideachta orthu go huathoibríoch chuig custaiméirí agus baill foirne láithreach. Seol SMS agus ríomhphoist chuig custaiméirí agus foireann in aon chlic amháin. Is féidir scagadh a dhéanamh go straitéiseach ar na custaiméirí agus ar an bhfoireann sin ag brath ar atá uait.

Earcaíocht - Earcaigh teaghlaigh óstacha agus baill foirne d'ionaid agus cúrsaí éagsúla. Fostaigh foireann agus seol amach conarthaí sínithe go huathoibríoch. Feabhsaíonn scagadh straitéiseach uathoibríoch an próiseas cinnteoireachta i dtaobh fostaíochta.

Bainistiú Sreafa Airgid - Coinnigh súil ar do staid airgeadais. Rochtain ar thuarascálacha fíor-ama maidir le stádas gach íocaíocht agus fáltas custaiméara agus gníomhaire. Tá feidhmiúlacht scagtha chliste ábalta ceist airgeadais ar bith atá agat maidir le custaiméirí nó gníomhairí a fhreagairt láithreach. Comhtháthú leis na pacáistí bogearraí cuntasaíochta is fearr. Seolann naisc íocaíochta ad hoc agus leagann amach sceideal ina leith. Cumas comhtháite aisíoc a dhéanamh leis na hardáin íocaíochta is fearr sa réimse.

Sceidealú Iompair Éasca - Bainistigh an t-iompar chuig agus ó chúrsaí, campaí, ionaid agus moil iompair. Féilire rollach chun gur féidir le dátaí teachta/ fágála na ndaltaí a bheith éagsúil ó na dátaí a dtosaíonn agus a gcríochnaíonn cúrsaí.

Bainistiú Lóistín Éifeachtúil - Daltaí a leithdháileadh ar theaghlaigh óstacha in aon chlic amháin. Deis chinniúnach í an fheidhm scagtha straitéisigh uathoibríoch chliste sa ghné sin.

Leithdháileadh Lóistín Éasca - Daltaí a leithdháileadh ar sheomraí ranga in aon chlic amháin. Deis chinniúnach í an fheidhm scagtha straitéisigh uathoibríoch chliste sa ghné sin.