AN FHOIREANN

Tá Foireann OGMA tiomanta an réiteach bainistithe "is fearr sa réimse" agus is praiticiúla a chur ar fáil dár gcliaint.

Déanaimid ár ndícheall luach a chur le gach gné de do ghnólacht. Éistimid lenár gcliaint agus tabharfaimid a bhfuil uathu dóibh.

  • Siobhán Bairéad

    Comhbhunaitheoir agus Ceann Dearaidh

    Is í Siobhán comhbhunaitheoir agus ceann dearaidh OGMA Campus Solutions. Is mór aici sárfheidhmiúlacht, sársholúbthacht agus sárphraiticiúlacht atá treoraithe ar bhonn tráchtála. Rugadh agus tógadh i gceantar Chonamara i gContae na Gaillimhe í. Is cainteoir dúchais Gaeilge í.

    I ndiaidh di Baitsiléir Tráchtála (Idirnáisiúnta le Fraincis) a bhaint amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh bhain sí cáilíocht amach ina Cuntasóir Cairte agus ina Comhairleoir Cánach le Arthur Andersen agus KPMG. Chaith Siobhán roinnt blianta ag obair i ról bainistíochta airgeadais leis an eagraíocht Foras na Gaeilge. Tá sí féin agus a fear céile, Ronan, páirteach i bhfiontair éagsúla tráchtála le 15 bliain.

    Sa bhliain 2014 thosaigh Siobhán ag obair i ngnó an teaghlaigh, Coláiste Chamuis, Coláiste Gaeilge a bhunaigh a hathair sa bhliain 1972 agus a chothaigh a muintir Gearóid agus Máire ar feadh beagnach caoga bliain. Is óna mian an t-oidhreacht sin a chaomhnú agus uirlisí bogearraí ardfheidhmíochta a chur ar fáil don Earnáil Oideachais Teanga, uirlisí atá tuillte acu chun iompú go héifeachtúil i dtreo an ré digití, an t-údar is mó a cruthaíodh OGMA.

  • Patrick Egan

    Comhbhunaitheoir agus Stiúrthóir Tráchtála

    Creideann Patrick go diongbháilte i réitigh bhogearraí nuálacha a sholáthar a chuireann an luach is mó ar fáil. Tá breis is 15 bliain taithí B2B ag Patrick i bhforbairt a threorú i leith réitigh bhogearraí comhlíontachta ar fud réimse tionscal rialaithe lena n-áirítear; na hearnálacha cúraim sláinte, cógaisíochta, feistí leighis agus an earnáil phoiblí.

    Taitníonn le Patrick a bheith ag obair go dlúth le custaiméirí agus taitníonn leis bealaí a fháil amach ina bhfuilimid ábalta feabhas a dhéanamh ar bhonn leanúnach agus ár réitigh ardáin a fhairsingiú lena chinntiú go mbeidh an lámh in uachtar ceart ag ár gcustaiméirí ar aon choláiste eile nach mbaineann úsáid as ár n-ardán.

  • Cathal Mac Aodha

    Ceann Forbartha Táirgí

    Is é Cathal an ceann forbartha táirgí ag OGMA Campus Solutions. Is féintionscnóir pointeáilte agus fuinniúil é Cathal a bhain céim Baitsiléara Tráchtála amach i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus MSc ó Scoil Ghnó Iarchéime Michael Smurfit.

    Tá taithí ag Cathal i dTeicneolaíocht Faisnéise agus an-díocas agus díograis air maidir leis an gcaoi a bhfuil córais teicneolaíochta agus faisnéise ábalta próisis ghnó a athrú ó bhonn. Bíonn Cathal seasta síoraí ag lorg réitigh uathoibrithe shimplíocha ar thascanna casta chun luach a chur ar fáil do chustaiméirí nua agus do chustaiméirí reatha araon.

    Is Gaeilgeoir é Cathal atá an-tugtha don spórt agus d'imir sé Peil Ghaelach dá Chontae. Tá ráta oibre, meanma foirne agus tiomantas go n-éireoidh leis as cuimse ag Cathal, a bhuíochas sin don Pheil Ghaelach.

  • OGMA

    Ba Dia Ceilteach é Ogma.

    Dia na hUrlabhra, Dia Teanga, Dia na nOllúna, agus Dia an Oideachais. Creidtear gurb é Ogma an té a chéadcheap Ogham, sé sin Gaeilge scríofa ársa.

    Bhí Ogma gnóthach arís le tamall anuas ag cruthú córas bainistíochta campus réabhlóideach do Choláistí Teanga. Tá guaillí leathana ag Ogma agus tá sé réidh ualach riaracháin a chustaiméirí a iompar agus a laghdú as cuimse.

    Tá Ogma sásta an obair a dhéanamh duit.