TEISTIMÉIREACHTAÍ CUSTAIMÉIRÍ

  • Cóilín Ó Domhnaill

    Coláiste Chiaráin, An Cheathrú Rua, Conamara, Co. na Gaillimhe

    Tréaslaím le OGMA as an bpacáiste úirlisí bogearraí árdfheidhmíochta den scoth atá curtha ar fáil agaibh dúinne i gColáiste Chiaráin, sa gCeathrú Rua, ag bainistiú agus ag riarú ár ngnó go huathoibríoch ar bhealach éifeachtach, stuama.

    Fuair mé féin fíor éasca é, a ghabháil i dtaithí ar an gcóras OGMA agus théis 50 bliain dom féin ag reachtáíl coláistí Gaeilge sa Ghaeltacht, caithfidh mé a rá gur le fíor ghliondar ó mo chroí a mholaim Foireann OGMA as an sár-éacht atá déanta agaibh. Beidh muid féin agus muintir na gColáistí Gaeilge faoi chomaoin go deo agaibh. Gura fada ann sibh.

  • Carmel Nic Eochaidh

    Spleodar, Bóthar an Chairn Mhóir, Uarán Mór, Co. na Gaillimhe

    Bí sé an-éasca dul i dtaithí ar an gcóras. Sábhálann sé an-chuid ama, riarachán agus páipéarachas orainn.

    Bíonn an fhoireann tacaíochta ar fáil i gcónaí chun cabhrú agus rudaí a mhíniú go stuama agus gan mhoill. Fáiltíonn siad i gcónaí roimh mholtaí agus iarratais ar fheidhmiúlacht breise a bhíonn uainn ón gcóras.

    Tá an oiread sin gnéithe ann a chuireann luach le riaradh agus bainistiú Spleodar - mar shampla gintear comhfhreagras pearsantaithe dearbhú áite ar chúrsa go huathoibríoch nuair a cheadaíonn an oifig áit do scoláire. Seoltar admhálacha pearsantaithe le ráiteas íocaíochta amach go huathoibríoch nuair a déantar aon íocaíocht. Beidh leithdháileadh cliste digiteach ar na mac léinn ar thithe agus muid ag ullmhú liostaí lóistín ina chúnamh ollmhór luachmhar dúinn

  • Seán Denvir

    Coláiste Chamuis, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

    Bhí muid ar an tóir ar chóras digiteach a laghdódh ualach riarachán agus costas ar an gColáiste le fada. Chinn orainn theacht ar aon chóras a thuig agus a d’fhreastail go sásúil ar riachtanais earnáil speisialta na gColáistí Gaeilge lena bealaí beaga féin ar fad. D’úsáid muid roinnt córais ach ní raibh aon cheann iomlán sásúil. Tá áthas orm a rá go bhfuil an beart déanta ag OGMA.

    Tá an ualach oibre riarachán laghdaithe as cuimse, tá an imní maidir le páipéarachas ídithe, tá na huaireanta oibre laghdaithe ach caighdeán na hoibre ardaithe, tá muid ag déanamh glan shábháil airgeadais, tá an foireann níos sona. Mholfainn d’aon Choláiste trial a bhaint as OGMA, tá an córas ceannródaíoch san earnáil digiteach do choláistí teanga.

  • Emer Curran

    Ireland's Eye Language Agency, 64 Offington Park, Sutton, Dublin 13

    OGMA Campus Solutions has really helped IELA streamline our booking management process and the agent portal has given us real-time visibility over every application form from around the world which is great.

    OGMA is saving IELA a lot of time through increasing the amount of data being captured directly from the students and agents whilst eliminating the need for IELA to double enter any of this student information as they move through the booking management process.

    OGMA's implementation and support team are always available and happy to listen to our feedback and seek out ways to drive continuous improvements.

    We would be happy to recommend OGMA Campus Solutions to any English Language College.