Is ionann OGMA agus córas iomlán digiteach bainistíochta atá éasca le húsáid agus a sholáthraíonn réitigh cliant i réimse earnálacha:

  • Ardán bainistíochta deartha do Choláistí Teanga agus Campaí (mar shampla campaí spóirt, campaí ceoil, campaí acadúla, campaí ardfheidhmíochta):

    • Seirbhís custaiméara den chéad scoth do dhaltaí - Ón lá a ndéantar fiosrú áirithinte go dtí an lá a bhfilleann siad abhaile i ndiaidh an chúrsa.

    • Éifeachtacht foirne níos fearr i ndáil le cúrsa - An t-ualach riaracháin agus comhlíontachta a laghdú ar fhoireann na gcúrsaí a fhágfaidh go mbeidh níos mó ama do cheannaireacht éifeachtach i ndáil le cúrsa. Foireann shona agus éifeachtach = Daltaí sona.

    • Caidrimh le príomhpháirtithe leasmhara a chothú trínár dtairseacha cliste - A bhuíochas do thairseacha páirtithe leasmhara OGMA beidh gníomhairí, soláthróirí lóistín, foireann na gcúrsaí, foireann riaracháin agus úinéirí coláiste/campa ar fad ag tarraingt le chéile.

    • Feidhm earcaíochta níos fearr - Bailítear próifíl foirne agus teaghlach óstach go digiteach agus sábháiltear iad le linn phróiseas earcaíochta OGMA. Déantar an fhaisnéis seo a mheaitseáil go digiteach chuig riachtanais cúrsa a mbíonn cinntí earcaíochta níos fearr mar thoradh air.

  • Ardán Bainistíochta Saincheaptha do Scéimeanna Dreasachta arna n-urrú ag an Rialtas:

    • Dearann, forbraíonn agus soláthraionn OGMA ardáin shaincheaptha chun cabhrú lenár gcliaint Scéimeanna Dhreasachta a bhainistiú ag gach céim i dtimthriall na Scéime (teagmháil tosaigh le páirtithe leasmhara, rannpháirtíocht, measúnú ar iarratais, monatóireacht, maoiniú agus torthaí a thomhas agus torthaí a thaifead).

    • Téann an comhoibriú agus chumarsáid idir ár gCliant agus a bPáirtithe Leasmhara i bhfeabhas le húsáid ardán OGMA.

    • Méadaítear cumas próiseála ár gcliant, feabhsaítear cruinneas agus comhsheasmhacht, laghdaítear an t-ualach riaracháin, coinnítear cuimhne eagraíochtúil laistigh den clabhta ríomhaireachta agus is féidir le foireann ár gcliant díriú ar díriú ar thorthaí breis luacha a bhaint amach leis an scéim i leaba a bheith dírithe ar obair riaracháin athraitheach atá ar luach íseal.

  • Ardán Bainistíochta Deontas Saincheaptha:

    • Dearann, forbraíonn agus soláthraionn OGMA córais Bhainistíochta Deontas saincheaptha chun cabhrú lenár gcliaint (eagraíochtaí deonaithe deontais) an gá le hidirghabháil láimhe a laghdú le linn an phróisis iarratais ar Dheontais.

    • Téann an comhoibriú agus chumarsáid idir na heagraíochtaí a thugann deontais agus a n-iarratasóirí ar dheontais i bhfeabhas le húsáid ardán OGMA.

    • Próiseáiltear iarratais níos tapúla agus le cruinneas agus comhsheasmhacht níos fearr agus le níos lú ualach riaracháin ná dá mbeidís ag brath ar phróisis láimhe. Mar thoradh air seo sábháltar am agus airgead, laghdaítear an fhéidearthacht earráidí, neartaítear an caidreamh le páirtithe leasmhara agus cruthaítear próiseas níos simplí do chách.

    • Aistríonn príomhaird agus fuinneamh an chliaint ó fheidhm go luach.