PRAGHAS

  • Coláistí Beaga/Meánmhéide (níos lú ná 3,000 dalta cláraithe in aghaidh na bliana)

    Is minic go gcuireann costais arda bhogearraí (costais chumraíochta agus chothabhála leanúnaí) a bhaineann de ghnáth le córais bhogearraí de chaighdeán OGMA infhaighteacht na gcóras seo thar acmhainn SMEnna. Ó tharla go bhfuil go leor de na coláistí teanga sa riocht sin táimid meáite ar shamhail praghsála a chur i dtoll a chéile dóibhsean a dteastaíonn sí uathu i ndáiríre. Tá samhail praghsála ar leith curtha i dtoll a chéile againn atá ar fáil go sonrach do chuideachtaí meánmhéide. Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil linn ar enquiries@ogmacampussolutions.ie.

  • Coláistí Móra (níos mó ná 3,000 dalta cláraithe in aghaidh na bliana)

    Tuigimid cé go bhfuil feidhmiúlacht OGMA fíorthairbheach do choláistí níos mó, ní bheadh ciall leis an tsamhail praghsála SME do choláistí níos mó ó thaobh na heacnamaíochta de. Tá samhail phraghsála bhreise curtha le chéile againn atá ar fáil go sonrach do chuideachtaí níos mó mar léiriú ar bharainneacht scála. Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil linn ar enquiries@ogmacampussolutions.ie.

  • Dearadh agus Forbairt Saincheaptha

    Déanaimid ár seacht ndícheall luach ar airgead a sholáthar dár gcliaint agus táirgí a chruthú a oibríonn dóibh.

    Déan teagmháil linn le do thoil ag enquiries@ogmacampussolutions.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

  • Ardán Bainistíochta Deontas agus do Scéimeanna Dreasachta

    Cuireann OGMA Campus Solutions ardáin shaincheaptha ar fáil chun Scéimeanna agus Deontais Dreasachta arna n-urrú ag an Rialtas a bhainistiú. Déanann ár réitigh an timthriall iomlán a chuíchóiriú. Déan teagmháil linn le do thoil ag enquiries@ogmacampussolutions.ie le haghaidh tuilleadh eolais.