GNÉITHE EILE

  • Déanta in Éirinn

    Is cuideachta Éireannach í OGMA a bhfuil breis is 60 bliain taithí in éineacht sa tionscal aici.

    Tá OGMA leagtha amach ag Oideoirí & Riarthóirí d'Oideoirí & Riarthóirí.

  • Comhtháthú leis na bogearraí eile is fearr sa réimse.

    Is féidir an córas OGMA a chomhtháthú go hiomlán leis na pacáistí bogearraí eile is fearr sa réimse amhail seirbhísí cuntasaíochta, acadúla agus taifeadta íocaíochta.

  • Ullmhú réamhchúrsa.

    Cinntíonn OGMA gur féidir leis an gcoláiste cumarsáid a dhéanamh go héasca, faisnéis ábhartha réamhchúrsa a bhailiú, iompar agus gníomhaíochtaí ábhartha eile réamhchúrsa a eagrú.

  • Lorg Leictreonach agus Sínithe Leictreonacha

    Sínithe leictreonacha ar gach foirm iarratais agus conradh. Taifead digiteach de shonraí na ndaltaí agus na mball foirne ar fad. Conair iniúchta córais ar fáil chun a léiriú cé acu ball foirne inmheánach a rinne cinneadh nó a d'athraigh sonraí.

  • Bainistiú Taistil

    Bainistigh an t-iompar chuig agus ó chúrsaí, ionaid agus moil iompair. Féilire rollach chun gur féidir le dátaí teachta/ fágála na ndaltaí a bheith éagsúil ó na dátaí a dtosaíonn agus a gcríochnaíonn cúrsaí.

  • Airgeadas

    Coinnigh súil ar do staid airgeadais. Rochtain ar thuarascálacha fíor-ama maidir le stádas gach íocaíocht agus fáltas custaiméara agus gníomhaire. Tá feidhmiúlacht scagtha chliste ábalta ceist airgeadais ar bith atá agat maidir le custaiméirí nó gníomhairí a fhreagairt láithreach. Comhtháthú leis na pacáistí bogearraí cuntasaíochta is fearr. Seolann naisc íocaíochta ad hoc agus leagann amach sceideal ina leith. Cumas comhtháite aisíoc a dhéanamh leis na hardáin íocaíochta is fearr.

  • Earcaíocht

    Cumasaigh caidrimh níos fearr le d'fhoireann agus teaghlaigh óstacha agus déan iad a fhorbairt trí phróiseas earcaíochta atá mionchoigeartaithe.

    Bailítear agus sábháiltear próifílí go digiteach le linn phróiseas earcaíochta OGMA. Déantar an fhaisnéis seo a mheaitseáil go digiteach chuig riachtanais cúrsaí a mbíonn cinntí earcaíochta níos fearr mar thoradh air.

    Seoltar agus stóráiltear conarthaí atá sínithe go digiteach go huathoibríoch ar cheadú lucht bainistíochta an choláiste.

  • Tacaíocht do Chustaiméirí

    Tá foireann thiomnaithe tacaíochta agus ionduchtaithe ag OGMA atá ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna i nGaeilge agus i mBéarla araon. Cuirtear sároiliúint ionduchtaithe ar fáil chun a chinntiú go mbaineann tú an tairbhe is fearr as an gcóras OGMA.

    Tugtar ugach don fhoireann tacaíochta aiseolas ó custaiméirí a chur ar fáil go rialta do na foirne dearaidh agus forbartha chun a chinntiú go bhfuil OGMA seasta ag cur le luach dár gcustaiméirí.

  • Anailísíocht Fíor-ama

    Bíodh smacht agat ar do ghnólacht ar bhealach atá níos éifeachtaí le sonraí fíor-ama sa Deais OGMA.

    Rianaigh agus bainistigh stádas custaiméirí, bail foirne agus gníomhairí tríú páirtí i bhfíor-am.

    Cuireann sonraí fíor-ama ar chumas do ghnólachta cinntí straitéiseacha níos fearr a dhéanamh.

    Úsáid painéal riaracháin OGMA chun príomhchinntí gnó a dhéanamh maidir le gach réimse a bhaineann le scoil teanga a bhainistiú.

  • Cumarsáid

    Seoltar fógraí pearsanta a bhfuil branda na cuideachta orthu go huathoibríoch chuig custaiméirí agus baill foirne láithreach.

    Seol SMS agus ríomhphoist chuig custaiméirí agus foireann in aon chlic amháin.

    Tá feidhm scagtha uathoibríoch ardleibhéil ar fáil chun na custaiméirí nó baill foirne a gcuirfear comhfhreagras chucu a roghnú.

  • Rialúchán Cáilíochta: Iontráil Sonraí Aonphointe

    Is ionann an córas bainistithe OGMA agus córas iontrála sonraí aonphointe a fheabhsaíonn caighdeán d'fhaisnéise. Chomh luath is a bhailítear na sonraí ag an bhfoinse (gníomhaire, múinteoir, tuismitheoir, teaghlach óstach), aistrítear na sonraí go huathoibríoch chuig próisis go léir an champais. Ní gá cóipeáil de láimh. Ní beidh aon earráidí próiseála de láimh i gceist. Déantar na sonraí bunaidh a chuirtear isteach a chomhtháthú leis an gcóras ar fad. Spárálann sé am don fhoireann riaracháin, do chustaiméirí agus d'fhostaithe araon. Laghdaíonn sé freisin earráidí a bhaineann le sonraí a chur isteach faoi dhó nó faoi thrí.

  • Measúnú Teanga

    Éascaítear, tríd an bhfeidhm scagtha uathoibríoch ardleibhéil, leibhéal líofachta gach dalta a thaifeadadh leis an measúnú teanga réamhchúrsa. Cuireann sé sin le caighdeán na gcinntí i leith seomraí ranga agus lóistín a dháileadh atá bunaithe ar na sonraí sin.

  • Bainistiú Sonraí

  • Comhlíontacht agus Slándáil

    Is ionann OGMA Campus Solutions agus ardán láraithe do bhainistiú riaracháin Campais, trína gcinntítear go laghdaítear an t-am a chaitheann ár gcoláistí comhpháirtíochta ar chúrsaí riaracháin, go mbeidh trédhearcacht bheo agus iomlán acu i dtaobh gníomhaíochtaí oibríochta, á chur ar a gcumas cinnteoireacht níos feasaí a dhéanamh fad a gcinntítear an t-eispéireas úsáide ar an leibhéal is airde do pháirtithe leasmhara.

Bilingual platform

 

The OGMA platform is available in both English and Irish.

Customer onboarding and one-to-one technical support are available in both English and Irish.

Tá an t-ardán seo ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge.