Na daoine a gcuidíonn muid leo

Tuigimid na dúshláin chomhlíontachta agus riaracháin atá ag dul i méid i gcónaí a mbíonn ar ár gcliaint ag tabhairt aghaidh orthu. Go deimhin, tá taithí againn féin ar na dúshláin chéanna agus bhíomar ag streachailt leo. Tá an bóthar sin siúlta againn agus siúlaimid fós é.

Chuamar sa tóir ar réitigh. Níor éirigh linn an réiteach foirfe a aimsiú. Mar sin shocraíomar é a dhéanamh muid féin agus ba é OGMA an toradh a bhí air sin.

Is ionann OGMA agus catalaíoch trína ndéanfar an bealach ar bainistíoch coláistí teanga, campaí agus eagraíochtaí eile riamh a athrú ó bhonn trí shreabhadh oibre a chruthú go digiteach i ngach gné den ghnólacht sreafaí oibre a 'labhróidh lena chéile' go huathoibríoch.

Ní bheidh gá sonraí a chur isteach de láimh níos mó, ná seiceáil a dhéanamh an athuair, ní bheidh gá le níos mó ná clár amháin bogearraí ná ní bheidh gá scarbhileoga a chomhcheangal.

Cuireann OGMA na huirlisí ar fad atá ag teastáil uait chun do ghnólacht a rith go héifeachtúil ar fáil i gcóras amháin atá simplí, éasca le húsáid, cliste agus slán.